top of page
ngo.jpg

Ag tacú le haistear Gaelscoile do pháiste

Is mór an buntáiste é do pháistí spórt a imirt trí mheán na Gaeilge. Cuireann an taithí go mór le líofacht do pháiste agus déantar normalú ar úsáid na Gaeilge go sóisialta taobh amuigh den seomra ranga.

"Tá sé tábhachtach nach bhfuil an Ghaeilge mar ábhar scoile i gcónaí, agus tá mise in ann mo chuid Gaeilge a úsáid freisin." 

Pauline Forsyth

Tuismitheoir

camógaíocht-faoi-aois-3-2.jpg

Leis an gcleachtadh breise tagann borradh faoina muinín sa teanga ar bhealach taitneamhach. Is deis é cabhrú go mór le do pháiste agus iad ar a

n-aistear Gaelscoile.

‘Is léir ón taighde ar fad sa réimse go gcabhraíonn grúpaí cosúil leis Na Gaeil Óga le foghlaim na Gaeilge, lena láidriú is lena neartú agus lena normalú taobh amuigh den seomra ranga. Feictear dom go gcabhróidh an cumann leis na páistí an teanga a fhoghlaim níos tapúla, go háirithe nuair a choistear í á húsáid i suíomh nach mbaineann leis an scoil go díreach. Ar ndóigh cabhróidh an cumas teanga feabhsaithe le páistí cruthú níos fearr ar scoil, gan trácht ar na buntáistí sláinte agus muiníne a bhaineann leis an spórt.’

An tOllamh Pádraig Ó Duibhir,

Leas-Déan, Institiúid Oideachais DCU.

bottom of page