top of page

Cód Iompair 

Na Gaeil Óga 2021 

 

IMREOIRÍ 

IMIR DE RÉIR NA RIALACHA – TÁ SIAD ANN AR MHAITHE LE GACH ACHAN NDUINE 

● Ná bí ag argóint leis an réiteoir – muna n-aontaíonn tú leis, pléigh an an cúram led’thraenálaí / múinteoirí taréis an chluiche 

● Smachtaigh do chuid mothúchain agus ná tagadh straighin ort – níl mí-úsáid teangan I leith Oifigigh nó imreoirí eile inghlactha ná níor cheart mí-ghríosadh a dhéanamh ar an bhfreasúra 

● Bí id’ imreoir fóirne agus oibrigh chomh dian dícheallach céanna dod’ fhoireann agus duit féin – déanfaidh tú féin agus d’fhoireann níos fearr dá réir. 

● Bí cothrom leis na himreoirí, déan leo san fé mar ba mhaith leat a dhéanfaí leat féin. 

● Ná dean tromaíocht nó aon chur isteach in aon t-slí ar imreoir eile. 

● Bíodh fonn chomh-oibrithe ort i gcónaí – led’ thraenálaí, led’ chomh-imreoirí – gan iad ní bheadh aon chluiche ann. 

● Bain taithneamh as an imirt (agus imir ar son sásamh a bhaint as an gcluiche seachas ar son tuismitheoirí nó traenálaithe) 

 

TRAENÁLAITHE 

● Bí réasúnta ina bhfuil á éileamh agat agus chuir raiachtanaisí do chuid imreoirí san áireamh 

● Seachain ró-imirt na n-imreoirí óga atá ar árd-chaighdeán agus tabhair cothrom na féinne agus deiseanna imeartha do gach duine 

● Na cuir ró-bhéim ar bhuachtaint agus méadaigh rann-pháirtíocht agus sástacht i gcónaí – cinntigh go bhfuil polasaithe sábháltachta éifeachtúa ann 

● Cuir aos / imhe san áiream: déan dearadh ar chláir le leibhéil inmhe éagsúla 

● Cruthaigh agus cothaigh meas fóirne don bhfreasúra agus do’s na hOifigigh 

● Bíodh tuiscint agus eolas agat ar chúrsaí gortaithe agus loirg comhairle ós na saineolaithe 

● Bíodh an t-eolas is fearr agat fé phrionsabail éifeachtach i dtaobh traenáil leanaí 

● Múin iompar spóirtiúil agus cruthaigh deiseannna chun iompar spóirtiúil cuí a mhúineadh 

● Cuir na gnéithe tábhachtach i dtús áite 

● Foghlaim scileanna agus dea-iompar seachas buachtaint ar ais nó ar éigean 

● Múin ceart agus cóir: cabhraigh leis na leanaí tusicint a bheith acu ar a ndualgaisí agus a bhfreagrachtaí 

 

TUISMITHEOIRÍ / LUCHT FÉACHAINE 

● Spreag rann-pháirtíocht ach ná cuir iachall orthu 

● Bí ag súil agus ag cinntiú go n-imrítear de réir na rialach i gcónaí 

● Ná bí ag magadh fé aon duine ná na dearmadaí a deintear nó na cluichí a cailltear 

● Cuimhnigh gur í an dea-shampla an múinteoir is fearr 

● Ná cuir i gcoinne oifigigh go poiblí – cuir an scéal féna mbráid go príobháideach níos déanaí 

● Cuir stop díreach le mí-úsáid cinníochais 

● Cuimhnigh go n-imríonn imreoirí mar chleachtadh agus sásamh dóibh féin agus ní díreach chun an lucht leanúna a shásamh 

● Stop agus cuir cosc le h-úsáid foréigin in aon tslí ag aon duine 

● Gríosaigh na n-imreoirí na rialacha a leanúint agus glacadh le cinneadh na n-Oifgigeach 

● Tabhair dea-shampla id’iompar sóisialta i gcónaí. 

 

LUCHT EAGRÚCHÁIN / OIFIGIGH 

● Cinntigh go bhfaigheann gach duine an rann-pháirtíocht chéanna agus tabhair cothrom na féinne dóibh go léir 

● Oiriuniú Cláir: Cuir aos, cumas agus inmhe na n-imreoirí san áireamh 

● Cinntigh go bhfuil feitheoireacht cuí ann: ag Traenálaithe agus Oifigigh oilte 

● Cuir béim ar sásamh a bhaint ar an bpáirtíocht mar spreagann sé seo breis páirtíochta 

● Eagraigh oideachas dos na daoine fásta: forbairt caighdeán níos airde traenála 

● Spreag cothrom na féine: cinntigh go dtuigeann gach duine fásta dualgaisí agus freagrachtaí 

● Athrigh chun leibheíl éagsúla a fhreastal agus riachtanaisí na n-imreoirí a shásamh 

● Cothaigh meas ar an lucht freasúra agus ná glac le h-iompar mí-spóirtiúil 

● Coimeád suas chun dáta: bíodh eolas agat i dtaobh cúraimí eagrúcháin 

 

Polasaí maidir le Mí-Úsáid Drugaí 

Déanann an Cumann Lúthchleas Gael díspreagadh ar úsáid drugaí, alcóil agus tobac ar an mbonn go bhfuilidís neamhréititheach le saol sláintiúil, spóirtiúil. 

• Caithfidh gach ball, oifigeach, traenalaí agus bainisteoir an dlí a leanúint i dtaobh dhrugaí mídhleathacha, alcóil agus tobac. Ba chóir dóibh sampla maith a léiriú i gcónaí. 

• Níor cheart go mbeadh aon fhógraíocht faoi alcól ar gheansaithe an chumainn. 

• Níor cheart go dtiocfadh imreoirí/traenálaithe/bainisteoirí/lucht tacaíochta go cluichí nó traenáil faoi thionchar alcóil/drugaí. 

Cúrsaí Smachta maidir le Mí-Úsáid Drugaí 

Ba chóir aon eachtra a bhaineann le mí-úsáid drugaí a chur in iúl do Choiste an Chumainn nó an Cathaoirleach. Breathnaítear ar mhí-úsáid nó soláthar drugaí mar iompar do-ghlactha. Mar phionóis, is féidir leis an gCumann rabhadh a thabhairt, baill a chur ar fionraí, nó baill a dhíbirt ón gCumann. 

Beidh sé mar aidhm ag an gCumann déileáil le haon eachtra a bhaineann le drugaí i mbealach diongbháilte ach cothrom, agus cinntiú go léirítear meas ar shábháilteacht agus leas coiteann aon duine atá bainteach leis. 

 

 

Cúrsaí Smachta 

Is féidir leis na bainisteoirí nó an coiste féin ceist maidir le cúrsaí smachta a chur i láthair an choiste. Má mheastar aon rud a bheith tromchúiseach, bíodh sin ar an bpáirc féin nó taobh amuigh di, bainteach le seisiúin oifigiúla an chumainn, turais agus eile, nithe a mbaineadh gortú mailíseach, damáiste do mhaoin, nó míchlú a tharraingt ar an gcumann nó eile is féidir go mbeidh Éisteacht Smachta ag an gCoiste ina leith sin. Is féidir leis an gCoiste pé gníomh a chur i bhfeidhm mar phíonós nó mar réiteach ar an gceist, bíodh sin ina chur ar fionraí nó díbirt ón gcumann féin nó eile. In aon chás go bhfuil dualgas dleathach ag an gcumann dul i gcomhairle leis na Gardaí Síochána nó Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nó aon fhoras eile déanfaidh an cumann sin. Is faoin gcoiste aon bhreith a dhéanamh maidir le cúrsaí smachta agus déanfar sin agus meas againn ar chearta gach aon bhaill agus eile éisteacht chothrom a fháil, agus aird againn ar an leas coiteann agus clú an chumainn. 

 

Polasaí maidir le Slándáil & Sábháilteacht 

Tá mar aidhm ag an gcumann timpeallacht shlán agus shábháilte a chur ar fáil. Chuige sin déanfaidh an cumann cinntiú go bhfuil imeachtaí, áiseanna, traenáil, cluichí agus eile an chumainn chun caighdeáin ó thaobh slándála agus sábháilteachta de. Ní ghlacann an cumann aon dliteanas as earraí pearsanta na mball ag imeachtaí mar a luaitear thuas. Ní chuirfidh an cumann imreoirí neamhbhailí chun páirce agus ní bheidh aon dliteanas orainn i leith imreoirí sna cásanna seo. Is ar a riosca féin a bheidh aon imreoir a roghnódh traenáil linn is nach mbeadh faoi chlúdach árachais. Cuireann an cumann roimhe, chomh fada agus is féidir sábháilteacht na mball agus baill an phobail a bheith mar sprioc ríthábhachtach i gcónaí. 

Ní cheadófar do dhaoine nach bhfuil cláraithe agus faoi chlúdach árachais imirt ar son an chumainn. Is ar a rioscal féin a dhéanfadh duine nach mbeadh faoi árachas traenáil linn agus ní ghlacann an cumann aon fhreagracht as seo. 

 

Polasaí do na Meáin Shóisialta (Gearr) 

Bainfidh an cumann leas as na meáin shóisialta le nuacht an chumainn a scaipeadh, na baill a choinneád ar an eolas fúinn agus baill nua a spreagadh. Is i nGaeilge amháin a bheidh aon teagmháil atá dírithe ar bhaill an chumainn. Is i nGaeilge amháin a bheidh ábhar dírithe ar imreoirí ura. Is ceadmhach teangacha eile a úsáid más ag díriú orthu siúd gan Ghaeilge an focal a scaipeadh fúinn, ach sna cásanna seo beidh an Ghaeilge chun tosaigh ar an mBéarla. Ní scaipfear aon ábhar nach bhfuil bainteach go dlúth le himeachtaí agus aidhmeanna an chumainn ar leathanaigh an chumainn. Ní scaipfear ábhar a bheadh maslach nó dímheasúil ar aon bhall den chumann. 

 

Cód Eitice 

Leagann an Cód Eitice amach na caighdeáin iompair agus cleachtais a mbeifear ag súil leo ó bhaill uile an chumainn maille leis an gcoiste agus lucht traenála is bainistíochta. Éilíonn Cumann Peile na Gaeltachta ar gach éinne a bhaineann linn féin cloí gach tráth leis an gCód seo. Tabharfaidh siad urraim i gcónaí do cheart bunúsach gach duine a bheith comhionGaeltachta staonadh ó aon idirdhealú éagórach a dhéanamh. Beidh eolas agus tuiscint ag baill an chumainn ar éagsúlacht sa tsochaí agus ar dhifríochtaí a eascróidh as foinsí éagsúla lena n-áirítear, ach ní hiad amháin, cine, dath, inscne, creideamh, bunadh náisiúanch, míchumas, aois, stádas pósta, gnéaschlaonadh agus stádas sóisialach agus eacnamaíochta agus staonfaidh siad ó chlaontacht nó fabhar bunaithe ar dhifríochtaí den sórt sin a léiriú trí bhriathra nó iompar. 

Dínit agus onóir ár n-aidhmeanna a chothabháil i gcónaí. Iad féin a iompar i gcónaí go cuí, de réir an dlí agus de réir rialacha agus eitice ár n-aidhmeanna. Na caighdeáin is airde lánpháirteachais agus cúraim a fheidhmiú ag gach tráth agus cinnteoidh siad go mbeidh a n-iompar gan údar gearáin. 

 

Rialú Coistí 

Is faoi Choiste an Chumainn a bheidh sé na fochoistí éagsúla a eagrú agus a bhainistiú. Beidh an t-oifigeach cuí ón bpríomhchoiste mar theagmhálaí idir an fochoiste agus an príomhchoiste mar shampla an t-Oifigeach Airgeadais mar theagmhálaí idir an Fo-choiste Airgeadais agus an Coiste. Beifear ag súil leis na caighdeáin is airde cleachtas ó bhaill na gcoistí seo mar a leagtar síos i ndoiciméid ar pholasaithe na Gaeltachta. Is faoin gCathaoirleach agus an coiste a bheidh sé aon deacrachtaí eadrthu seo a réiteach, agus déánfar reitigh mar iad agus aird ar pholasaithe an chumainn. 

bottom of page