top of page

Cé Sinn?

Is cumann CLG lán-Ghaeilge é Na Gaeil Óga atá lonnaithe in iarthar BhÁC. Bunaíodh an cumann i 2010 agus táimid ar an gcumann spóirt is mó fáis in Éirinn ó shin. Faoi latháir tá 30 foireann againn le breis is 500 ball imeartha againn.

                           

Creidimid go láidir má thugtar gach tacaíocht d'imreoir barr a chumais a bhaint amach mar dhuine, go seasfaidh sin leis an gcumann ar an bpáirc, leis na himreoirí sa saol agus leis an bpobal i gcoitinne.

lá-mór-ngó-3.jpg
Edel Ní Bhraonáin
Chomhbhunaitheoir,
Na Gaeil Óga CLG

"Tá cáil bainte amach againn mar chumann CLG nua-aimseartha a chabhraíonn le himreoirí forbairt ar an bpáirc agus as an bpáirc." 

Ár Scéal

Is cumann é Na Gaeil Óga a bhunaigh grúpa daoine óga do dhaoine óga sa bhliain 2010.

 

Tháinig grúpa mac léinn le chéile ag an am agus iad díspreagtha lena laghad deiseanna a bhí ann dóibh an Ghaeilge a usáid ina saolta laethúla.

 

Anuas air sin, bhraith siad go raibh go leor clubanna CLG san ardcathair imithe amú. Clubanna ollmhóra gan mórán pobail mórthimpeall orthu a bhí dírithe ar chluichí a bhuachaint. 

 

 

 

 

 

 

 

Ba chosúil nach raibh an tsuim chéanna ag na clubanna seo páistí agus imreoirí a chumasú le haghaidh a thabhairt ar an saol. 

"An rud is luachmhaire i gclub ná an cultúr. Ón gcéad lá theastaigh uainn cultúr a chruthú a chabhraigh le daoine a mbarrchumas a bhaint amach agus taitneamh a bhaint as an saol trí Ghaeilge.

ngo2.jpg
Daithí de Buitléir,
Cathaoirleach Bunaithe,
Na Gaeil Óga CLG

San Am i Latháir

Faoi latháir tá tuairim is 30 foireann ag Na Gaeil Óga araon le pobal bríomhar mórthimpeall orainn.

Tá foirne faoi-aois againn do pháistí ar rugadh iad ó 2008 agus níos óige do bhuachaillí agus cailíní araon le struchtúr fásta atá faoi bhláth le tamall de bhlianta.

 

Tá ár bhfoirne faoi aois lonnaithe i Leamhcán. Tacaímid le páistí ó Ghaelscoil Eiscir Riada, Gaelscoil Naomh Pádraig & Scoil Uí Dhálaigh a mbarrchumas a bhaint amach.

 

Is féidir tuilleadh eolais faoinár bhfoirne faoi aois a aimsiú anseo.

Bíonn ár bhfoirne fásta ag traenáil i bPáirc an Fhionnuisce. Bíonn meascán mór ag imirt linn idir dhaoine as BÁC agus daoine as gach cearn den tír. Daoine ar imir ag an gcaighdeán is airde agus daoine nár imir le fada. Cainteoirí dúchasacha Gaeilge agus daoine nach raibh mórán Gaeilge acu sular thosnaigh siad ag imirt linn.

Aimsigh an fhoireann is fearr duit féin anseo.

"Bhí cultúr níos oscailte uaim do mo pháiste, cultúr a dhírigh ar na buanna a bhí ag gach páiste agus a chabhróidh leo bláthú. An chéad lá ar shiúl mé trí gheataí Na Gaeil Óga, thuig mé gurb shin a bhí aimsithe agam"

grainne.jpg
Gráinne Ní hEamhaigh
Tuismitheoir,
Na Gaeil Óga CLG
bottom of page