top of page

Ráiteas um Chumhdach Leanaí Cumann Peile Na Gaeil Óga 2021 

Tá an Ráiteas um Chumhdach Leanaí seo aontaithe ag na Cumainn Lúthchleas Gael (CLG, LGFA, Liathróid Láimhe agus Cluiche Corr) de réir ár gCód Iompair (Faoi Aois), ár mbeartais, ár nósanna imeacht agus ár riachtanais reachtúla atá ceangailteach ar gach ball agus aonad dár gCumainn. 


Áirítear le bunaidhmeanna na gCumann Lúthchleas Gael cothú agus forbairt ár gCluichí Gaelacha agus gníomhaíochtaí cultúrtha na hÉireann i measc daoine óga agus leanaí. Eagraíonn agus cuireann ár n-oibrithe deonacha tiomnaithe na cluichí agus na gníomhaíochtaí lena mbaineann chun cinn ag leibhéil Chumain, Chontae, Chúige agus Náisiúnta le comhoibriú agus tacaíocht ó chohórt foirne atá chomh tiomnaithe céanna atá tiomanta do chumhdach leanaí agus daoine óga inár gCumann agus muid ag iarraidh timpeallacht shábháilte a chruthú do dhaoine óg inar féidir leo fás agus forbairt. 
 
PRIONSABAIL MAIDIR LE LEANAÍ A CHOSAINT Ó DHOCHAR 
AITHNÍTEAR SA RÁITEAS SEO GO BHFUIL LEAS LEANAÍ RÍTHÁBHACHTACH I NGACH CÚINSE DE RÉIR NA REACHTAÍOCHTA AGUS DE RÉIR RIACHTANAS ÁR GCÓD AGUS ÁR RIALACHA. TÁ SÉ MAR AIDHM LEIS GO MBÍONN TAITHÍ DEARFACH, FORBARTHA AR CHLUICHÍ GAELACHA AG GACH LEANBH AGUS DUINE ÓG AGUS NUAIR ATÁ SIAD AG GLACADH PÁIRT INÁR NGNÍOMHAÍOCHTAÍ GO NDÉANANN SIAD É SIN, A MHÉID AGUS INDÉANTA, I DTIMPEALLACHT SHÁBHÁILTE AGUS THAITNEAMHACH. 
 
MEASÚNÚ RIOSCA 
Agus an ráiteas seo á réiteach againn, tá measúnú déanta againn ar an bhféidearthacht atá ann do dhochar le leanaí agus iad ag glacadh páirt inár gcluichí agus ag freastal ar ár n-imeachtaí faoi na ceannteidil seo a leanas: Cleachtaí Cumainn agus Chóitseála; Gearáin agus Smacht; Nósanna Imeachta Tuairiscithe; Úsáid Áiseanna; Earcaíocht; Cumarsáidí agus ceannteideal breise de Riosca Ginearálta Dochair. Tá liosta ar dheis de na réimsí riosca sainaitheanta agus an liosta nósanna imeachta agus beartais do na rioscaí seo. 
 
NÓSANNA IMEACHTA 

Réitíodh ár Ráiteas um Chumhdach Leanaí de réir le riachtanais reachtúla atá san Acht um Thús Áite do Leanaí 2015, Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí (2017), an Ordú um Leanaí (TÉ) 1995, Cumhdach Leanaí Tusla: Treoir maidir le Beartas, Nós Imeachta agus Cleachtas agus de réir mar is gá i rialacha ár gCumainn. 
 
DUINE SAINORDAITHE 
Is é an Duine Sainordaithe, a bhfuil dualgas dlíthiúil air chun dochar do leanaí a thuairisciú de réir na reachtaíochta agus a fostaíodh chun críche feidhmeanna um leas agus cosaint leanaí laistigh dár gCumann a fheidhmiú: 


CLG: Gearóid Ó Maoilmhichíl     mandatedperson@gaa.ie 
Camógaíocht: Roberta Farrell  mandatedperson@camogie.ie 
Liathróid Láimhe: John Kelly  mandatedperson.handball@gaa.ie 
LGFA: Paula Prunty  mandatedperson@lgfa.ie 


Tá gach beartas agus nós imeachta arna liostú thuas ar fáil ag www.gaa.ie/the-gaa/child-welfare-and-protection 
 
​FORFHEIDHMIÚ AGUS ATHBHREITHNIÚ 
Aithníonn na Cumainn Lúthchleas Gael gur próiseas leanúnach is ea an forfheidhmiú. Tá na Cumainn tiomanta don Ráiteas um Chumhdach Leanaí seo agus na beartais agus nósanna imeachta um chumhdach leanaí a ghabhann leis a thacaíonn lenár rún chun leanaí agus daoine óga a choinneáil slán ó dhíobháil fad is a bhaineann siad leas as ár seirbhís a fhorfheidhmiú. Déanfar athbhreithniú ar an Ráiteas seo ar ghlac agus ar aontaigh Coiste Feidhmiúcháin ár gClub leis faoin 31 Bealtaine 2022 nó a luaithe agus is indéanta go praiticiúil tar éis athrú ábhartha a dhéanamh ar aon ábhar dá dtagraíonn an ráiteas. 

 

 
Oifigeach na bPáistí an Chumainn 

bottom of page