top of page
foireann-tacai%CC%81ochta_edited.jpg

Cén fáth go

bhfuilimid difriúil?

An Ghaeilge

Is muid an t-aon chlub lasmuigh den Gaeltacht in Éirinn i láthair na huaire a chuireann camogaíocht, iomáint agus peil ar fáil trí Ghaeilge. Tugann muid deis do dhaoine, idir óg agus aosta, an teanga a fhoghlaim, a chleachtadh agus a labhairt ar bhonn rialta.

Is iomaí duine a thosnaigh ag imirt leis Na Gaeil Óga le cúpla focal a bhain líofacht amach taobh istigh d'achar gearr.

lá-mór-ngó5.jpg

"What we love most about Na Gaeil Óga is that is it so inclusive, the children have a great time and it’s a natural way to absorb Irish"

Ag tacú leis an aistear Gaelscoile

Oibríonn muid go dlúth le saineolaithe oideachais le cinntiú go bhfuil ár gcur chuige ag tacú le haischur foghlama paistí Gaelscoile.

Is mór an buntáiste é do pháistí spórt a imirt trí mheán na Gaeilge. Cuireann an taithí go mór le líofacht do pháiste agus déantar normalú ar úsáid na Gaeilge go sóisialta taobh amuigh den seomra ranga.

Leis an gcleachtadh breise tagann borradh faoina muinín sa teanga ar bhealach taitneamhach. Is deis é cabhrú go mór le do pháiste agus iad ar a n-aistear Gaelscoile.

Creideann Na Gaeil Óga go gcothaíonn timpeallacht chairdiúil thacúil paistí sona sláintiúil le grá don spórt a bheas acu fad a saoil.

"Is club iontach é lán le spioraid agus spraoi. Freisin, tá mé in ann mo chuid Gaeilge a úsáid."

Fás Dírithe

Tá go leor clubanna i mBÁC a chreideann má thosnaíonn tú leis na céadtá imreoirí go gcríochnóidh tú le foireann mhaith. Is cuma go gcaillfidh tú an chuid is mó d'imreoirí am éigin idir an dá linn.

 

Creideann Na Gaeil Óga i gcumas gach uile pháiste. Cruthaíonn muid timpeallacht chairdiúil agus thacúil a chabhraíonn le páistí grá a chothú do na cluichí Gaelacha agus don teanga le go mbeidh caidreamh fadsaoil acu leo.

 

Feictear dúinn go bhfuil dualgas orainn paistí a fhorbairt ar an bpáirc agus as an bpáirc. Is ionann rath dúinn agus glúin ina dhiadh glúine de chinnírí óga a fhorbairt a bhfuil grá acu don spóirt agus dá bpobal, araon leis na scileanna atá de dhíth orthu lena mbarrchumas a bhaint amach mar dhaoine.

 

Tá iliomad buntáistí do pháiste a bheith bainteach le club beag.

 

- Níos mó am teagmhála le cóitséalaí

- Níos éasca cairdeas a dhéanamh le páistí eile

- Ardaítear an seans go suntasach go n-imreoidh siad ag leibhéal fásta.

 

Mar a fheictear le leithéidí Sheamróga Bhaile hÉil agus Sleacht Néill, is cuma dairíre cé mhéad páiste atá sa chlub nuair atá siad óg. Is cuma ceard a bhuann siad ar an mbealach suas. Má chruthaíonn tú an timpeallacht cheart fanfaidh siad ag imirt agus beidh leo ar an bpáirc agus as an bpáirc.

bottom of page