top of page
Na Gaeil Óga CLG

Cén fáth gur chóir

Na Gaeil Óga

a roghnú

Is club uathúil é Na Gaeil Óga atá ceangailte le chéile i dteanga, ní i bparóiste. Cuireann gach foireann fearadh na fáilte roimh bhaill nua i gcónaí, is cuma faoin taithí spóirt nó leibhéal Gaeilge atá acu. 

 

"Ón gcéad uair a shiúlann tú ar an bpáirc leis Na Gaeil Óga, is é an cairdeas a chruthaítear agus an fháilte a chuirtear romhat is mó a bhraitear"

 

Is as Baile Átha Cliath go leor de bhaill an chumainn agus bíonn baill as gach cearn den tír ag imirt chomh maith, na Gaeltachtaí ar fad ina measc. Bhí imreoirí as Sasana, Meiriceá agus as an mBrasaíl ag imirt leis Na Gaeil Óga ag tréimhsí éagsúla.

foireann-na-mban3-19.jpg
foireann-na-mban3-19.jpg

"Is cuma cén áit sa tír gurb as duit, Ciarraí, Corcaigh, Gaillimh, Tí Chonaill, Baile Átha Cliath, Tír Eoghain, táimid uilig ag teacht le chéile chun na cluichí Gaelacha a imirt trí mheán na Gaeilge"

Fiona Ní Bhraonáin, imreoir as Baile Átha Cliath

Cas lenár n-imreoirí

Niall McQuillan

"Is mise Niall McQuillan. Táim ag imirt le foireann iománaíochta Na Gaeil Óga le dhá bhliain anuas, tar éis deich mbliana ag imirt ag leibhéal sinsearach le Cumann Sheamuis Stiopháin i gCill Chainnigh. D'imir mé ar phainéal faoi 21 Cill Chainnigh i 2009 agus 2010 agus bhí an t-ádh liom Craobh Shinseareach Chill Chainnigh a bhuachaint i 2011 le Seamus Stiopháin.

 

Bhí imní orm ag an tús faoi mo chaighdeán Gaeilge ach bhí gach éinne chomh deas agus cabhrach sin gur tháinig an teanga ar ais chugam taobh istigh de chúpla seachtain. Tá spiorad iontach sa chlub agus is breá liom go bhfuil an Ghaeilge chomh tábhachtach céanna leis na cluichí"

Caitríona Ní Mhurchú

"Thosaigh mé leis Na Gaeil Óga i 2013 cé nár imir mé peil riamh. Is aoibhinn liom gach cineál spórt agus bhí mé ag iarraidh an nasc leis an nGaeilge a choinneál tar éis gur fhág mé an Cumann Gaelach i UCD. Chomh maith leis sin thosaigh mé leis an bhfoireann camógaíochta i 2016 mar smaoineamh mé a tharraingt ón obair agus gan a bheith ag obair i gcónaí!

Tá foireann peile na mban agus an fhoireann camógaíochta mar ghrúpaí áille de chairde. Bíonn spórt is spraoi, cluichí is comórtas againn. Tagann gach cineál imreora chugainn ó gach áit ar domhan. Bíonn imeachtaí ag a mbuaileann tú leis na foirne ar fad. Tá deiseanna cabhrú leis na foirne faoi aois- agus roinnt scileanna a fhoghlaim uathu chomh maith.

I mo chéad bhliain i 2016 leis an fhoireann camógaíochta bhuamar ár gcéad chluiche riamh agus ansin fuaireamar isteach sa chluiche ceannais. I 2019 bhuamar an chraobh. Éacht bainte amach don chlub! Is pobal croíúil agus club faoi léith é Na Gaeil Óga a bhfuilim bródúil a bheith páirteach ann"

Conán Glass

"Is mise Conán Glas agus is as Sleacht Néíll i nDoire theas mé. Tá mé ag imirt leis an fhoireann iománaíochta le dhá bhliain anuas. Sular thosaigh mé ag imirt leis Na Gaeil Óga ní raibh mórán Gaeilge agam. Ní dhéarna mé staidéar ar an teanga ar scoil ach bhí speis agam i gcónaí inti.

 

Chuidigh an timpelleacht traenála go mór liom leis an teanga a fhoglaim agus spreag sé mé le mo staidéar féin a dhéanamh. Bhí an fhoireann agus na bainisteoirí i dtólamh flaithiúil cuidiúil agus taobh isitigh de sé mhí bhí mé ábalta treoracha a thuiscint agus labhairt leis na himreoirí eile. I mo dara bhliain roghnaíodh mé mar chaptean na foirne agus anois tá mé mar bhaill den fhoireann bainistíochta.

 

Tá mé buíoch as an deis a thug Na Gaeil Óga dom le mo theanga dúchais a fhoghlaim"

Clíodhna Esslemont

"Tá cónaí orm in oirthear na tíre anois le roinnt mhaith blianta agus bhí suim agam i gcónaí a bheith páirteach i gcumann nó i gclub a raibh an Ghaeilge lárnach inti. Is as ceantar Chonamara dom agus bhí mé ag iarraidh an deis a bheith agam an Ghaeilge a labhairt níos minice. Shochraigh mé dul chuig seisiún traenála go bhfeicfinn an dtaitneodh sé liom.

 

Tá dhá bhliain déanta agam anois le foireann peile na mBan agus táim ag baint an-taitneamh as. Tá na cailíní an-chairdiúil agus bíonn an-spraoi agus craic againn ag na seisiúin traenála agus cluichí. Le dhá bhliain anuas d'éirigh linn dul chomh fada leis an gCraobh, faraor ní raibh an bua againn ach leanfaidh muid ar aghaidh ag troid.

 

Is pobal iontach é na Gaeil Óga a spreagann an Ghaeilge i mBaile Átha Cliath. Tugann sé deis do dhaoine an teanga a fhoghlaim nó dom féin mo theanga dhúchais a labhairt níos minicí"

bottom of page