top of page

Is i gceantar Leamhcáin i mBaile Átha Cliath atá sé i gceist ag Na Gaeil Óga páirc nua agus clubtheach a thógáil. Tá daonra ollmhór sa cheantar, atá ag méadú i gcónaí agus tá dhá Ghaelscoil ann agus is i gceann acusan, Gaelscoil Naomh Pádraig, a bhíonn muid ag traenáil faoi láthair.

Seoladh feachtas le baile buan a lorg i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2016 agus bhí an tArd-Mhéara ag an am, Críona Ní Dhálaigh, agus an craoltóir/Cathaoirleach ar choiste forbartha NGÓ Micheál Ó Muircheartaigh i láthair chun a gcuid tacaíochta a thabhairt.

“Nuair a chuir muid an plean forbartha le chéile sa chéad nó sa dara bliain againn, bhí muid uaillmhianach ón tús agus bhí sé i gcónaí mar sprioc againn go mbeadh baile buan againn. Bhí daoine ann a dúirt nach n-éireodh linn, agus b’fhéidir go bhfuil díomá orthusan anois leis an dul chun cinn atá déanta againn, ach tá muid fós ar an bhfód agus ag iarraidh an chéad sprioc eile a bhaint amach.” 

Eoin P. Ó Murchú

Coiste Forbartha Na Gaeil Óga

eoin.jpg
Untitled.png

 íomhá samplach de bhaile buan Na Gaeil Óga

Tá Na Gaeil Óga ag lorg Baile Buan

bottom of page