top of page

Polasaí Earcaíochta Cóitseála Na Gaeil Óga 

Ba chóir go gcinnteodh gach Cóitseálaí, Meantóir agus Oiliúnóir (ar a dtabharfar Cóitseálaithe as seo amach) go mbaineann daoine óga agus leanaí tairbhe suntasach as ár gcluichí trí chur chuige dearfach, sláintiúil agus rannpháirtíoch a chur chun cinn inár gcuid oibre le himreoirí faoi aois. Agus leibhéil scileanna gach imreora á bhforbairt, Ba chóir go spreagfadh Cóitseálaithe taitneamh agus spraoi agus rannpháirtíocht bhríoch a chinntiú inár gcluichí agus gníomhaíochtaí. Ba chóir go gcuimhneodh Cóitseálaithe i gcónaí gur eiseamláirí iad do na himreoirí atá faoina gcúram. 

 

 

Earcú Cóitseálaithe 

 

  • Caithfidh achan oibrí deonach a bheith mar bhall de Chumann na Gaeil Óga agus an Cód Iompair a bheith sínithe acu.  

  • Caithfidh achan Cóitseálaí, Meantóir agus Oiliúnóir grinnfhiosrú a bheith críochnaithe acu sula dtosaíonn siad sa ról. (Tá seirbhísí grinnfhiosraithe CLG ar fáil do dhuine ar bith os cionn 16 bliain d’aois a bhfuil ról aige/aici ina bhfuil sé/sí freagrach as leanaí nó as daoine fásta leochaileacha. Ní mór foirm thoilithe tuismitheora/caomhnóra (NVB3) a bheith mar chuid d’iarratas ar bith ó dhaoine idir 16-18 bl. d’aois) 

  • Daingniú meantóirí: Caithfidh gach meantóir (nua nó atá linn cheana féin) daingniúcháin a fháil gach bliain ón gCoiste. 

  • Caithfidh achan Cóitseálaí, Meantóir agus Oiliúnóir cúrsa cosaint leanaí a bheith críochnaithe acu sula dtosaíonn siad sa ról.  

  • Caithfidh achan Cóitseálaí, Meantóir agus Oiliúnóirí ar a laghad bonnchúrsa cóitseála a bheith críochnaithe acu. 

  • Nuair atá tú earcaithe ag an gClub, tá sé de dhulgas ag an gCoiste an tacaíocht cuí a chuir ar fáil.  

 

 

Caithfidh gach Cóitseálaí atá ag obair le daoine óga agus le leanaí bheith oiriúnach dá ról/róil, agus ba chóir go mbeadh oiliúint, cáilíocht agus tacaíocht chuí acu chun na róil sin a chomhlíonadh. Beidh na daoine ar fad atá ag obair 

sna róil sin páirteach i nósanna imeachta earcaíochta agus roghnaithe chuí agus freastalóidh siad ar chúrsaí cóitseála agus oiliúna a bhaineann lena róil. 

 

Coiste Na Gaeil Óga 2021 

bottom of page