top of page
acadamh2.png

Cas lenár

gCóitseálaithe

Tá sé de phribhléid ag Na Gaeil Óga CLG roinnt de na tuismitheoirí agus na cóitseálaithe is fearr sa tír a bheith mar chuid de lucht bainistíochta na bhfoirne agus saineolaithe oideachais, saineolaithe spóirt,  agus daoine a d'imir ar an gcaighdeán is airde i bPáirc an Chrócaigh ina measc. Cas le cúpla duine díobh anseo thíos

duaiseanna.jpg

Ruadhán Ó Feinneadha

Is múinteoir bunscoile é Ruadhán le máistreacht sa litearthacht. Tógadh Ruadhán le Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus tá 26 bliana de thaithí aige mar imreoir agus 10 mbliana mar chóitseálaí sna cluichí Gaelacha. 

Is cóitseálaí é Ruadhán le foireann na mbuachaillí F13 agus imríonn sé leis an bhfoireann iomána. 

Úna Ní Mhuirí

Is tuismitheoir í Úna a tógadh le Gaeilge i mBaile Phamar. D'imir sí camógaíocht le Naomh Pádraig, Baile Phamar ar feadh 30 bliain agus d'imir sí peil ar son Na Sáirséalaigh, Leamhcán ar feadh 10 mbliana chomh maith.

Is cóitseálaí í Úna ar fhoireann na gcailíní F10 agus roimhe sin bhí sí ag tacú leis an Acadamh.

Screen%20Shot%202021-01-06%20at%2011.07_

Ciarán Oman

Is é Ciarán an príomhchóitseálaí ar an Acadamh agus tá sé mar bhainisteoir ar fhoireann na gcailíní 2011/12. Tá Ciarán ag cóisteáil leis an gclub ó ón gcéad bhliain de bhunú na bhfoirne faoi aois agus tá a pháistí ag imirt linn freisin. 

Imríonn sé le foireann peile na bhfear chomh maith tar éis aistriú ó chlub eile.

Sinéad Ní Dhúrcáin

Is múinteoir bunscoile í Sinéad as Maigh Eo. D'imir sí le foireann an Chnoic Móir ar feadh na mblianta go dtí gur bhog sí go Baile Átha Cliath. Tá 6 bliana de thaithí aici mar chóitseálaí ar an bhfoireann scoile agus breis is 20 bliain de thaithí aici ag imirt peile.​

Is cóitseálaí í Sinéad le foireann na mbuachaillí F8 agus imríonn sí le foireann pheil na mban chomh maith.

ciara%CC%81n%20o%CC%81%20r_edited.jpg

Ciarán Ó Raghallaigh

Is príomhoide Gaelscoile é Ciarán agus 25 bliana de thaithí aige ag obair sa chóras oideachais agus le foirne lúthchleasaíochta & Cumann na mBunscol. Tá sé mar bhainisteoir ar fhoireann na mbuachaillí 2009 ó thosaigh an fhoireann amach sa bhliain 2014.

 

Bhain Ciarán Gradam Sheáin Uí Laighin amach sa bhliain 2018 - gradam ar leith a bhronntar go bliantúil ar an duine a chuir go mór leis an gcumann le ham, dua agus díograis.

bottom of page