top of page

Na Gaeil Óga 2021 

Polasaí Frithbhulaíochta

Polasaí maidir le Tromaíocht (bulaíocht) 
(Foirm gairid) 

Sainmhiniú ar thromaíocht: ionsaitheacht leanúnach, bíodh sin i bhfoirm béil, síceolaíoch nó fisiceach, a dhéanann duine nó grúpa ar dhuine/dhaoine eile. Ní ghlacfar nó ní chuirfear suas le tromaíocht sa chumann seo. Breathnaítear ar eachtraí tromaíochta mar sháruithe tromchúiseacha ar an gCód Iompair atá ag an CLG. Tá sé mar fhreagracht ar gach duine sa Chumann tromaíocht a chosc agus déileáil le cásanna má tharlaíonn siad. Tá freagracht ar imreoirí, bainisteoirí, traenálaithe, baill shóisialta agus lucht tacaíochta: 

 
•Meas a léiriú ar cheart gach duine imirt agus bheith páirteach i dtimpeallacht atá sábháilte agus slán agus a thugann moladh agus aitheantas 
• A chinntiú go gcaitear le gach duine le meas, dínit agus íogaireacht 
•Dul I ngleic le gach cineál claontachta agus comhionannas a chur chun cinn 
• Cothrom na féinne, iompar measúil agus cinnireachta a mhúnlú 
•Daoine a dhímholadh ó chuidiú le tromaíocht 
 
Má tharlaíonn aon eachtra tromaíochta sa chumann, tá sé mar fhreagracht ag an gcumann/coiste cinntiú: 
•Go mbraitheann an té a bhfuil an tromaíocht á dhéanamh orthu sábháilte 
•Go stoptar an tromaíocht agus go dtéitear i ngleic le hiompar an bhulaí 
•Go bhfuil gach ball de chumann Peile na Gaeltachta nó gach duine a fhreastalaíonn ar ár gcluichí agus gníomhaíochtaí ar an eolas nach nglactar le tromaíochtt sa chumann.

 


Ní ghlacfaidh an cumann seo le bulaíocht d’aon tsaghas. Is féidir achoimre a dhéanamh ar pholasaí frithbhulaíochta an chumainn mar seo leanas ag teacht le Cód Eitice agus Dea Chleachtais Chomhairle Spóirt na hÉireann maidir le spórt leanaí. 


Déanfaimid iarracht: 

  • A chur ina luí gaidhte ar phobal an chumainn nach nglacfar le bulaíocht. 

  • Leanaí, lucht oiliúna, tuismitheoirí agus caomhnóirí a spreagadh chun bulaíocht a chur ar shúile Oifigeach Leanaí an chumainn. Bainfidh an cumann leas as ár bpróiséis ghearáin chun dul i ngleic leis an ndúshlán. 

  • Tacaíocht agus comh-oibriú tuismitheoirí agus caomhnóirí a fháil chun dul i ngleic le bulaíocht. 

 

Is féidir sainmhíniú a dhéanamh ar bhulaíocht mar “ionsaí leanúnach, bíodh sé i bhfoirm focal, siceolaíochta nó fisiciúil, ag duine nó buíon in aghaidh dhuine nó buíonta eile.” Is iompar é atá, de réir a nádúir, ann chum imeaglú a dhéanamh agus tarlaíonn sé de ghnáth i measc leanaí i dtimpeallacht shóisialta ar nós scoileanna, cumainn spóirt agus eagraíochtaí eile a oibríonn le daoine óga. Baineann sé le hiompar ar nós priocadh, bearradh, asacháin, bagairtí, bualadh nó fáisceadh as ag leanbh amháin nó níos mó in aghaidh an íospartaigh. Is fén oiliúnóir/meántóir é dul i ngleic leis an mbulaíocht, a d’fhéadfadh bheith i gceist sa chumann. Deighleálfar go pras le heachtraí bulaíochta agus ní ghlacfar ar ais nó ar éigean le bulaíocht. 
 

Gearáin agus Cúrsaí Smachta sa Chumann / Cur Chuige Smachta i mBord na nÓg 
Tabharfaidh oiliúnóir, meántóir nó oifigeach eile sa chumann foláireamh d’aon imreoir atá as ord. Má leanann an mí-iompar seo, beidh smachtbhannaí beaga, ar nós tréimhse fionraíochta ó sheisiún traenála á chur i bhfeidhm. Má leanann an mí-iompar ina dhiaidh seo, labharfar le tuismitheoirí/caomhnóirí agus b’fhéidir go mbeadh an t-oiliúnóir/meántóir ag iarraidh go mbaileodh an tuismitheoir/caomhnóir an leanbh ó láthair na traenála nó láthair na himeartha. Tá an gníomh seo cuí agus cóir má tá an t-imreoir ag leanúint leis an mí-iompar, muna dtugann sé aird ar threoir an oiliúnóra/mheántóra, má tá díobháil d’aon ghnó déanta aige do mhaoin an chumainn nó do mhaoin chuairteoirí, má tá droch-chlú tarraingte ar an gcumann le linn traenála, cluichí nó imeachtaí eile atá eagraithe. Samplaí dena leithéid d’iompar ná: ag bualadh imreora/oifigigh eile sa chumann, eascainí gan chúis agus gan srian, bulaíocht nó diúltú cloí le cód iompair an chumainn. Chomh maith leis sin, measann an cumann gur gníomh tromchúiseach mí-iompair é mí-úsáid a bhaint as fóin póca i.e ag tógaint phictiúirí mhí-chuíthe i seomra feistis nó in aon áit eile a bhíonn na Gaeil Óga ag teacht le chéile nó ar láthair imeartha eile. 


Nuair is léir gur fadhb mhór atá i gceist, tá cead ag an té atá i mbun na foirne an eachtra a chur ar shúile an oifigigh leanaí chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás agus b’fhéidir go mbeadh gá le cruinniú le tuismitheoirí/caomhnóirí an imreora chun teacht ar réiteach na faidhbe. Sa chás is ná tagtar ar réiteach, is féidir na smachtbhannaí seo leanas a chur i bhfeidhm 

  • Foláireamh maidir le hiompar a thabhairt. 

  • Fionraíocht ó sheisiúin traenála agus/nó cluichí. 

  • Fionraíocht ó fhoirne sa chumann. 

  • Fionraíocht ón gcumann. 

  • Díbirt ón gcumann. 

Céim 1 (gearán neamhfhoirmiúil) 
Déanfaidh an cumann iarracht ar dheighleáil le gach gearán neamhfhoirmiúil/gearán béil chomh luath agus is féidir. 
Is féidir gearán a dhéanamh le hoifigeach leanaí an chumainn, duine eile ainmnithe nó ball de choiste an chumainn. Clárófar gach gearán agus coimeádfar ar chomhad iad. An chéad bheart a bheadh ag an gcumann ná moladh a thabhairt don té a dhéanfadh an gearán labhairt go díreach, go tomhaiste agus go nea-bhagrach leis an té go mbaineann an gearán leis/leí. Muna féidir teacht ar réiteach, beidh ar bhall coiste nó an t-oifigeach leanaí (más cuí) feidhmiú mar eadránaí in iarracht teacht ar réiteach. Má tá mórán gearáin mar gheall ar bhall den gcumann/oiliúnóir/tuismitheoir/imreoir 7rl is féidir leis an gcumann na gearáin a chur fé bhráid choiste smachta an chumainn chun an cás a réiteach. 

 
Céim 2 (gearán foirmiúil) 
Muna féidir an gearán a réiteach ag an gcéad chéim (go neamh-fhoirmiúil) caithfear an gearán a chur i bhfoirm scríte agus é a thabhairt don oifigeach leanaí nó do bhall coiste eile. Cuirfear an gearán fé bhráid choiste smachta an chumainn ansan chun teacht ar réiteach. 

 

Coiste Smachta 
Is iad a bheidh ar choiste smachta an chumainn ná buanchoiste an chumainn, an t-oifigeach leanaí agus príomh-oiliúnóir an chumainn. Má bhaineann an gearán le haon duine thuas luaite, is léir nach féidir leis an té sin bheith ina bhall den gcoiste smachta. Tabharfar freagra scríte ar an ngearán laistigh de choicíos. Má bhaineann an gearán le mí-úsáid a meastar a bheith i gceist, cuirfear an phróiséas maidir le tuairisciú ar mhí-úsáid leanaí i bhfeidhm. Tionólfaidh an coiste smachta cruinniú chun an gearán a phlé. Cuirfidh an coiste smachta an gearán in iúl i bhfoirm scríte don té a bhfuil an gearán déanta ina thaobh/ina taobh. Is féidir leis an té sin freagra a thabhairt ó bhéal (ag cruinniú leis an gcoiste smachta) nó i bhfoirm scríte. Caithfidh tionlacan tuismitheora/caomhnóra bheith ag an té a bhfuil gearán déanta ina thaobh/ina taobh. 
Coimeádfar cuntas beacht soiléir den bpróiséas ar fad ag gach pointe den bpróiseas. Coimeádfar gach cuntas, bíodh san scríte nó ráite, go discréideach agus fé rún.  Nuair a táthar ag deighleáil le gearán tá sé den dtábhacht go mbeifí soiléir: 

  • Faoin eachtra áirithe atá fé chaibidil. 

  • Faoi aon eachtra eile atá le cur san áireamh. 

  • Faoi aon ghníomh atá le tógaint, m.sh. leithscéal a ghabháil. 

  • Faoin sórt iompair a bhfuiltear ag súil leis. 

  • Agus ar deireadh, faoina bhfuil i ndán muna gcloífear le socruithe aontaithe. 

Tar éis a gcuid machnaimh a dhéanamh, is féidir leis an gcoiste smachta aon cheann des na smachtbhannaí seo a chur i bhfeidhm, ag brath ar riachtanas: 

  • Foláireamh a thabhairt maidir le hiompar feasta. 

  • Fionraíocht ó sheisiúin traenála agus/nó cluichí. 

  • Fionraíocht ón gcumann. 

  • Díbirt ón gcumann

Próiseas Athchomhraic 
Is féidir athchomhrac a dhéanamh fé bheartas an choiste smachta. Déanfar an t-athchomhrac sin chuig coiste athchomhraic ar a bhfuil oifigigh ó choiste na bhfoirne sinsireach sa chumann. 

 

Coiste na Gaeil Óga 2021 

bottom of page